Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2018
I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn). Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór.
San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon. - A completely revised new edition of Douglas Hyde's classic collection of the poems and songs of Raftery, known to generations of Irish-schoolgoers from the poem 'Mise Raifteirí an File.' The book is full of background anecdotes and ideas, written in Hyde's accessible, entertaining style. A best-seller in its day, this new volume is an attractive gift for lovers of poetry and the Irish language. Includes an introductory essay that puts Hyde's work in context.
€10.95