Can’t find what you’re looking for? Chances are we can order it for you.
Request Form
Register
My Account
My Wishlist
Item added Item updated Item removed

No products in the basket.

Categories
Menu
Free delivery within Ireland (ROI & NI) on orders over €50

MAOIN 3 CÚRSA GAEILGE DON TSRAITH SHÓISEARACH, ARDLEIBHÉAL

Is téacsleabhar cruthaitheach, nua-aimseartha, ildaite é Maoin 3 do dhaltaí ardleibhéil atá sa dara agus sa tríú bliain.
Tugtar mórán deiseanna do na daltaí saothar dá gcuid féin a chruthú agus a mbuanna éagsúla a léiriú i modhanna difriúla.
Clúdóidh na daltaí samplaí ó Liosta Téacsanna Dualgais (T2) don dara bliain agus don tríú bliain ar bhealach cruthaitheach agus cuimsitheach.
Dírítear ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa tríd síos.
Dírítear ar an bhfeasacht teanga i ngach aonad.
Tá naoi mír chultúir faoi phobal na Gaeilge agus faoi ghnéithe de chultúr na hÉireann sa téacsleabhar. D’fhéadfadh na daltaí na míreanna a úsáid mar spreagthaí do mheasúnuithe rangbhunaithe dá mba mhian leo.
Tá cleachtaí athbhreithnithe ag deireadh gach aonaid.
Tá breis is 100 rian cluastuisceana san áireamh.
Tá eochairfhreagra sa Leabhar Acmhainní don Mhúinteoir don chuid is mó de na gníomhaíochtaí.

MO PHUNANN

Cuimsítear níos mó ná seasca gníomhaíocht phunann teanga i bhformáidí éagsúla.
Cuirtear na daltaí ar an eolas faoi mheasúnuithe rangbhunaithe agus faoi ghnéithe cáilíochta.
Tugtar liosta do na daltaí de na critéir ratha a chuideoidh leo barr feabhais a chur ar gach gníomhaíocht.
Bíonn na daltaí ag plé lena bhfoghlaim teanga agus ag machnamh uirthi.
Léiríonn na daltaí eochairscileanna ar nós féinbhainistíochta, obair foirne agus cruthaitheachta.
Cuireann na daltaí bailiúchán saothar i dtoll a chéile a thaispeánann a gcuid éachtaí foghlama teanga, le tacaíocht ó fhianaise shoiléir foghlama.
Beidh na daltaí ábalta na dréachtaí deireanacha de na píosaí oibre (MRB 1) agus de na tascanna cumarsáideacha (MRB 2) atá cruthaithe acu sa phunann seo a úsáid agus iad ag ullmhú do na Measúnuithe Rangbhunaithe, don Tasc Measúnaithe (atá bunaithe ar MRB 2) agus don Scrúdú Deiridh.

Format: Paperback
ISBN: 9781912514717 Categories: , , , Tag:

Maoin 3 w/ Punann 2-Pack

28.99

Usually ships in 2-3 days

Usually dispatched in 5-10 business days

Add to Wishlist
Add to Wishlist
0
Your Cart
Item added Item updated Item removed

No products in the basket.

crossmenu