Can’t find what you’re looking for? Chances are we can order it for you.
Request Form
Register
My Account
My Wishlist
Item added Item updated Item removed

No products in the basket.

Categories
Menu
Free delivery within Ireland (ROI & NI) on orders over €50

Is do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 3 (Ardleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.

  • Tá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.
  • Léirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.
  • Tá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.
  • Tá aonad ann do litríocht eile atá molta ag an NCCA, úrscéal, dráma agus gearrscéalta san áireamh.
  • Rannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.
  • Tá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.
  • Aibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú
    Rangbhunaithe.
  • Is féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.
  • Pléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.
  • Cuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.
  • Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.
  • Tá Ceist ilmhódach i ngach aonad.

Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí

  • Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:
    - Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre
    - Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
    - Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
    - Loga gramadaí
    - Bileoga Féinmheasúnaithe/Machnaimh
    - Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha
  • Ar CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga ‘Cur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.
  • Ar CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad

Acmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí

  • Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:
    - Léargas ginearálta ar an gCreat don tSraith Shóisearach
    - Cur síos ar an tSonraíocht don Ghaeilge agus na Treoirlínte Measúnaithe
    - Scéim Oibre don Dara agus Tríú Bliain
    - Pleanáil agus tacaíocht do MRB 1 agus MRB 2
    - Scripteanna iomlána CD agus físe
  • CDanna na Múinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana ar fad agus athsheinm).
  • Tá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar ár suíomh acmhainní, www.gillexplore.ie, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna MRB agus teimpléid phleanála ineagarthóireachta do mhúinteoirí.

eLeabhar Saor

eLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.

Is féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar líne agus as líne.

NA hUDAIR

Múineann Caitríona Ní Shúilleabháin Gaeilge agus ceol i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith Aois na Glóire don Teastas Sóisearach agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.

Múineann Triona Geraghty Gaeilge agus Fraincis i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá go leor taithí aici mar scrúdaitheoir do na scrúduithe cainte Gaeilge agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level, agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don

Format: Paperback
Publication Date: 1 August 2018
Pages: 432
ISBN: 9780717180370 Categories: , , , Tag:

Mol an Oige 3

31.95

Usually ships in 2-3 days

Usually dispatched in 5-10 business days

Add to Wishlist
Add to Wishlist
0
Your Cart
Item added Item updated Item removed

No products in the basket.

crossmenu