Seo chugainn an chéad chnuasach ón bhfile Laoighseach Ní Choistealbha, a bhfuil dánta léi curtha i gcló cheana in Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS, The Waxed Lemon, ROPES, An Capall Dorcha agus foilseacháin nach iad.
Is iomaí gradam atá buaite ag Laoighseach dá saothar filíochta go dtí seo, ina measc Duais Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail, 2023. Tá ionracas agus úire sa chéad chnuasach seo óna peann, ina gcíorann sí – i measc eile – an fhéiniúlacht, fisiciúlacht na colainne, agus cumhacht agus ceangal na healaíne.
Barzaz is delighted to publish the first poetry collection from the poet Laoighseach Ní Choistealbha, whose poems have already been printed in the likes of Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS, The Waxed Lemon, ROPES and An Capall Dorcha. Laoighseach’s poetry has won quite a few awards to date, including the Foras na Gaeilge Award at Listowel Writers’ Week, 2023. There is an honesty and a freshness in this first collection of her poetry, as she delves deep into issues such as identity, the physicality of the human body, and the way in which art can both empower and bind.
€14.95