Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.
Snáithe 1: Cumas Cumarsáide
Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha
Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora
Litríocht
Pléitear dhá dhráma, trí ghearrscéal agus seacht ndán ón liosta ainmnithe sa leabhar. Tá gearrscéal breise ar líne. Tá foclóir comhthreomhar taobh leis an téacs d’fhonn cuidiú leis na daltaí gach saothar a léamh ar a gcompord. Is ar ‘fhreagairt phearsanta/chumarsáideach’ a chuirtear an bhéim. Tugtar struchtúir theanga do na daltaí a chuirfidh ar a gcumas a dtuiscint agus a léamh pearsanta féin ar na saothair litríochta a chur in iúl go muiníneach cumarsáideach. Tugtar cuireadh dóibh ‘léirmheas sciobtha’ a thabhairt ar an saothar tar éis dóibh é a léamh. Ansin, cuirtear ‘cíoradh liteartha’ ar fáil dóibh a phléann na teicnící liteartha a mbaineann an t-údar nó an file úsáid astu. Ar deireadh thiar, iarrtar ar na daltaí a ‘mbreith’ phearsanta féin a thabhairt ar an saothar le cabhair ó na struchtúir thuasluaite agus ón gcíoradh liteartha. De bhreis air seo déantar freastal ar an úrscéalaíocht sna nótaí agus san fhoclóir cuimsitheach a chuirtear ar fáil don sár-úrscéal Daideo le Áine Ní Ghlinn.
€28.30