Leabhar na Bliana 2015 - Gradam Uí Shúilleabháin
Seo scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe.
Sa chuntas beathaisnéise seo, déanann an t-údar cur síos ar na heachtraí agus ar na pearsana a spreag Raiftearaí chun véarsaíochta, ag féachaint lena chuid cumadóireachta a chur i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair sé agus i gcomhthéacs thraidisiún na filíochta in Éirinn. Agus a sheasamh sa bpobal á mheas, lena linn féin agus i ndiaidh a bháis, déantar scagadh ar an réimse leathan seanchais atá ar fáil faoin bhfile.
Portráid í seo de phearsantacht chasta: bochtán bóthair a raibh saibhreas samhlaíochta aige; ceoltóir leathoilte a chuir na glúnta fonnadóirí ag gabháil fhoinn; fear dall a raibh fís ar leith aige de féin agus dá phobal. Seo scéal Raiftearaí, an fíodóir focal. -The first cradle-to-grave biography of Antaine Ó Raiftearaí, or Raiftearaí an File as he is widely known, written for a general readership. A radical voice in 19th century Ireland, the blind, illiterate poet and songwriter Raiftearaí left behind a body of verse that offers an invaluable insight into the life of the destitute Irish-speaking population of pre-famine Connacht.
Raiftearaí fearlessly espoused revolt against the injustice of the landlord system, he praised beautiful women, and he mercilessly lampooned anyone who crossed him or questioned his role as the voice of his community.
€10.95